Search

24/10/2021

An Cumann Gaelach

Lá ‘le Pádraig – Lá na nGael

Lá ‘le Pádraig – Lá na nGael

Is leis an náisiún uile Naomh Pádraig. Eisean a thug an Chríostaíocht go hÉirinn agus ar a lá féile léirímid dó an t-omós is dual dó. Aontaíonn sé le chéile sinn agus pé áit a gcastar Gaeil ar a chéile an lá sin braitheann siad mortas cine a bhí faoi cheilt an chuid eile den bhliain. Éisteann siad le ceol agus amhráin na hÉireann agus baineann siad feidhm as an nGaeilge a bhí ligthe i ndearmad acu. Cé gur cuid den Aontas Eorpach sinn agus go bhfuil roinnt mhaith dár saoirse airgeadais agus pholaitiúil caillte againn, cuimhnímis gur sean-náisiún í Éire a bhfuil a teanga agus a cultúr féin aici agus má chaillimid iad is beag an meas a bheidh ag náisiúin eile orainn. Le blianta beaga anuas tá teangacha éagsúla le cloisint ar shráideanna Chluain Meala agus b’fhéidir go spreagfaí sinn ár dteanga féin a labhairt. Ar nós na ndaoine sin bímisne bródúil as ár gcultúr dúchais agus déanaimis sáriarracht tosnú ar an Ghaeilge a chur chun cinn.

Seachtain na Gaeilge

Le tamall de bhlianta anuas bíonn an-chuid imeachtaí Gaelacha ar siúl ar feadh seachtaine roimh Lá Fhéile Pádraig. Cloisimid níos mó Gaeilge ar an teilifís, bíonn Lá Gaeilge sa Dáil agus sna scoileanna uile bíonn cluichí, ceoldrámaí, díospóireachtaí agus imeachtaí taitneamhacha eile trí mheán na Gaeilge. Tugann na hócáidí seo deis do dhaoine Gaeilge a labhairt go nádúrtha agus más féidir le Banríon Shasana agus le hUachtarán Mheiriceá aitheantas a thabhairt dár dteanga dhúchais is féidir linne é a dhéanamh.

Seirbhísí Eaglaise

In onóir do Naomh Pádraig beidh seirbhísí eaglaise i nGaeilge i roinnt mhaith séipéal Lá Fhéile Pádraig. I gCluain Meala beidh Aifrinn Ghaeilge agus canfaidh na córacha iomainn Ghaelacha. Is ar 12-00 a bheidh an tAifreann Gaeilge in Eaglais N. Muire. Beidh bileoga ar fáil i ngach séipéal ina mbeidh an leagan Gaeilge den Aifreann.

Ciste na Teanga

Bíonn roinnt mhaith costaisí ar an gCumann Gaelach gach bliain agus Lá Fhéile Pádraig bíonn cead againn airgead a bhailiú lasmuigh de na séipéil. Braithimid go mór ar fhéile an phobail agus tugann siad cabhair dúinn le croí maith, mór. Iarraimid orthu arís bheith chomh fial, flaithiúil is a bhí siad riamh.

Ár nDúchas Gaelach

Le roinnt blianta anuas tá an-bhéim ar ár n-oidhreacht agus is beag paróiste sa tír anois nach bhfuil cumann staire agus oidhreachta ann. Is maith ann iad gan amhras agus, bíodh gur ar mhaithe le turasóireacht a bunaíodh roinnt acu, músclaíonn siad spéis ionainn in iarsmaí ár sean agus b’fhéidir go gcuirfidís ag smaoineamh sinn ar an ngné is tábhachtaí dár n-oidhreacht - an Ghaeilge. Gan an Ghaeilge ní bheidh ionainn amach anseo ach cúige Shasanach agus ní bheidh meas againn orainn féin ná ag éinne eile orainn. Dá bhrí sin, déanaimis sáriarracht i mbliana filleadh ar ár ndúchas agus ár dteanga féin a labhairt.

To continue reading this archived article for FREE,
please just kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.