Tá Isobéal ag tnúth go mór leis an Nollaig agus tá sos tuillte aici
GAEILGE

Isobéal Ní Fhloinn ag maisiú crann Nollag na scoile
Dia dhuit,
Isobéal Ní Fhloinn is ainm domsa. Tá mé i rang a sé agus táim ag freastal ar Ghaelscoil Thiobraid Árann. Tá triúr deirfiúracha níos sine agam, deartháir amháin níos sine agus ceithre mhadra. Bhí sé an-dheacair i mbliana ach tá sé gar don Nollaig agus tá gach duine ag maisiú a gcrann agus tá saoire ag teacht. Tá dóchas san aer!!
Ar scoil bhí mé ag obair go dian ar matamaitic, stair agus fiú filíocht, mar bhuaigh mé comórtas filíochta san iris scoile mhíosúil ‘The Primary Planet’ do dhánta Nollag. Is mór an éacht é sin agus bhí áthas orm mo dhán a fheiscint clóite.
Níl mé sa scoil seo ach ó thús rang a cúig, ach tá feabhas mhór tagtha ar mo chuid Gaeilge mar nuair a tháinig mé anseo ní raibh mé in ann a thuiscint i ndáiríre cad a bhí á rá ag daoine! Ach anois tuigim go hiomlán é agus is féidir liom é a labhairt go maith freisin. Bhí sé an-dhifriúil ar scoil i mbliana, mar bhí ar na múinteoirí go léir maisc a chaitheamh agus ní fheiceann tú a n-aghaidheanna. Chomh maith le sin, gach seachtain téann ár leabhair faoi ghlas agus faigheann siad dianghlanaithe. Ach coimeádann sé seo gach duine slán agus sin an rud is tabhachtaí faoi lathair.
Slán agus Nollaig Shona gach duine!!
Isobéal.
Eocharfhocail / Keywords
Ag maisiú (eg mosh-oo) = decorating
Dóchas (doke-ass) = hope
Éacht (aye-okt) = achievement
Clóite (clowe-ta) = published
Feabhas (fyow-is) = improvement
Leave your comment
Share your opinions on